Litearthacht Aosaigh

Litearthacht Aosaigh

Soláthraíonn Litearthacht Aosaigh teagasc litearthachta, uimhearthachta agus ríomhaireachta i dtimpeallacht thacúil d’aosaigh ar mian leo a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta litrithe agus mata a fheabhsú agus a bhfuil cabhair ag teastáil uathu le cúrsaí teicneolaíochta. Tá sé dírithe ar dhaoine a d’fhág an scoil go luath, a d’fhág an córas oideachais i bhfad ó shin nó a bhfuil deacrachtaí foghlama sonracha acu. Cuireann foireann na seirbhíse fáilte roimh fhoghlaimeoirí aosaigh, beag beann ar aois ná cúlra. D’fhéadfaí seisiúin duine le duine a eagrú nó seisiún le haghaidh grúpa beag daoine.

Creidiúnú

D’fhéadfadh go mbeadh cúrsaí creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe.

  • Is féidir creidiúnú a thairiscint trí Mhórdhámhachtainí agus Miondámhachtainí QQI, idir Leibhéal 1 agus Leibhéal 3.
  • Is gearrchúrsaí iad cúrsaí neamhchreidiúnaithe atá deartha chun riachtanais oiliúna ar leith a chomhlíonadh.

Cúrsaí

Cúrsaí

F = Fulltime
P = Parttime
O = Online
E = Evening
Ref Course Location Starts Category Type

Entry Requirements

Education

Aptitude

Previous Experiences

Location

Date and Duration

Contact

Facilities

    Timetable

    Course Content

    Title Award Awarding Body

    Learning Outcomes

    Further Details

    Táillí

    Tá gach Cúrsa SAOR IN AISCE.

    Déan Teagmháil Linn

    Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Litearthachta d’Aosaigh BOO i d’ionad Oideachais d’Aosaigh áitiúil. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcúrsa am ar bith i rith na bliana.
    T: Muineachán 047-71914
    T: Cabhán 049-4361881

    An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

    Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat

    An bhfuil cúnamh de dhíth ort?

    Tá an tSeirbhís um Threoir san Oideachas Aosach ann chun cabhrú leat