Coláiste Ard Feá
Coláiste Ard Feá
Mar scoil, is é ár misean an t-oideachas is fearr agus is féidir a sholáthar dár scoláirí go léir agus a chur ar a gcumas, ar an gcaoi sin, an tairbhe is mó a bhaint as a dtallann agus a gcumas. Cinntíonn an bhainistíocht agus múinteoirí go mbaintear an cuspóir seo amach i dtimpeallacht ina mbraitheann scoláirí sábháilte agus sásta. Cuirfear feabhas, dá bharr, ar chaighdeán na múinteoireachta agus na foghlama agus cinnteoidh sé sin, ar an gcaoi sin, go spreagtar scoláirí agus go gcuirtear dúshlán rompu.
Tugtar aird phearsanta ar gach scoláire i gColáiste Ard Feá. Ábhar sásaimh dúinn go léir iad na torthaí a bhaineann ár scoláirí amach i scrúduithe agus an dul chun cinn a dhéanann siad ina dhiaidh sin go dtí an breisoideachas nó an domhan oibre. Aithníonn bainistíocht an Choláiste an príomhról a ghlacann tuismitheoirí agus caomhnóirí in oideachas aon linbh. Leanann sé, dá réir sin, le dlúthnaisc a chothú le tuismitheoirí agus caomhnóirí trí Irisleabhar an Choláiste, an Scéim Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail, comhairle na dtuismitheoirí, tráthnónta rialta eolais agus cruinnithe tuismitheoirí is múinteoirí.
Déan Teagmháil Linn
Déan Teagmháil Linn
Patrick McArdle
Príomhoide – info@bhc.ie
Siobhan Sheerin
Leas-Phríomhoide – info@bhc.ie
John Moylan
Leas-Phríomhoide – info@bhc.ie