Litearthacht Aosaigh
Litearthacht Aosaigh
Soláthraíonn Litearthacht Aosaigh teagasc litearthachta, uimhearthachta agus ríomhaireachta i dtimpeallacht thacúil d’aosaigh ar mian leo a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta litrithe agus mata a fheabhsú agus a bhfuil cabhair ag teastáil uathu le cúrsaí teicneolaíochta. Tá sé dírithe ar dhaoine a d’fhág an scoil go luath, a d’fhág an córas oideachais i bhfad ó shin nó a bhfuil deacrachtaí foghlama sonracha acu. Cuireann foireann na seirbhíse fáilte roimh fhoghlaimeoirí aosaigh, beag beann ar aois ná cúlra. D’fhéadfaí seisiúin duine le duine a eagrú nó seisiún le haghaidh grúpa beag daoine.
Creidiúnú
D’fhéadfadh go mbeadh cúrsaí creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe.
- Is féidir creidiúnú a thairiscint trí Mhórdhámhachtainí agus Miondámhachtainí QQI, idir Leibhéal 1 agus Leibhéal 3.
- Is gearrchúrsaí iad cúrsaí neamhchreidiúnaithe atá deartha chun riachtanais oiliúna ar leith a chomhlíonadh.
Cúrsaí
Cúrsaí
Ref | Course | Location | Starts | Category | Type |
---|
Entry Requirements
Education
Aptitude
Previous Experiences
Location
Date and Duration
Contact
Facilities
Course Content
Title | Award | Awarding Body |
---|
Learning Outcomes
Further Details
Táillí
Tá gach Cúrsa SAOR IN AISCE.
Déan Teagmháil Linn
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Litearthachta d’Aosaigh BOO i d’ionad Oideachais d’Aosaigh áitiúil. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcúrsa am ar bith i rith na bliana.
T: Muineachán 047-71914
T: Cabhán 049-4361881